Skip to main content
Covenant of Mayors - Europe

Cuspóirí agus Príomhcholúin

 

MAR GHEALL AR – Cuspóirí agus Príomhcholúin 

2050: I dtreo Eoraip aeráidneodrach níos cothroime do chách

 

“Leis seo, táimidne, Méaraí ó gach cearn den Eoraip, ag cur lenár n-uaillmhianta aeráide agus geallaimid gníomhú ar an luas a éilíonn an eolaíocht, mar chomhiarracht chun ardú teochta domhanda a choinneáil faoi bhun 1.5 ℃ - an uaillmhian is airde i gComhaontú Pháras. 
Is í an fhís atá againn, faoi 2050, go mbeimid go léir inár gcónaí i gcathracha dícharbónaithe agus athléimneacha a mbeidh rochtain acu ar fhuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe. Mar chuid de ghluaiseacht Chúnant na Méaraí – an Eoraip, leanfaimid orainn ag (1) ag laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa ar ár gcríoch, (2) ag méadú na hathléimneachta agus ag ullmhú le haghaidh éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide, agus (3) ag dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh mar phríomhghníomhaíocht chun aistriú cóir a chinntiú.”  

 

https://eu-mayors.ec.europa.eu/sites/default/files/2022-07/3pillars.png

 

Trí cholún ghealltanais na sínitheoirí 

  • Astaíochtaí GCT a laghdú de 55% faoi 2030 

  • Athléimneacht a mhéadú 

  • Bochtaineacht fuinnimh a leigheas  

 

“Geallaimid [Méaraí ó gach cearn den Eoraip] ár gcion a dhéanamh trí na gníomhartha seo a leanas a dhéanamh: 

1. GEALLÚINT A THABHAIRT spriocanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a leagan síos, atá i gcomhréir le cuspóirí AE, agus ar a laghad chomh uaillmhianach lenár spriocanna náisiúnta. Beidh sé mar sprioc againn neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. I bhfianaise na héigeandála aeráide atá ann faoi láthair, beidh gníomhú ar son na haeráide mar thosaíocht againn agus cuirfimid é sin in iúl dár saoránaigh. 

2. DUL I GCOMHAR lenár saoránaigh, ár ngnólachtaí agus ár rialtais ag gach leibhéal i gcur i bhfeidhm na físe seo agus i gclaochlú ár gcóras sóisialta agus eacnamaíoch. Tá sé mar aidhm againn comhaontú aeráide áitiúil a fhorbairt leis na páirtithe go léir a chabhróidh linn na cuspóirí sin a bhaint amach. 

3. GNÍOMHÚ, anois agus le chéile, chun dul ar an mbóthar ceart agus an t-aistriú riachtanach a luathú. Déanfaimid plean gníomhaíochta a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a thuairisciú - laistigh de na spriocdhátaí socraithe, chun ár spriocanna a bhaint amach. Áireofar inár bpleananna forálacha maidir le conas an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, agus bheith cuimsitheach i gcónaí. 

4. LÍONRÚ le Méaraí eile agus ceannairí áitiúla, san Eoraip agus níos faide i gcéin, chun inspioráid a fháil óna chéile. Spreagfaimid iad le liostú i ngluaiseacht Chúnant Dhomhanda na Méaraí, cibé áit ar domhan a bhfuil siad, ach glacadh leis na cuspóirí agus an fhís a bhfuil cur síos déanta orthu anseo.” 

[sliocht as an Doiciméad Tiomantais oifigiúil]  

 

Tuilleadh eolais: