Skip to main content
Covenant of Mayors - Europe

Liostaigh Comhordaitheoir

Fáiltíonn Cúnant na Méaraí roimh gach leibhéal rialachais, chomh maith le heagraíochtaí tacaíochta, gníomhaireachtaí agus comhlachais ábhartha, chun liostú sa tionscnamh agus cuidiú le gníomhaíocht áitiúil aeráide agus fuinnimh a bhrostú.

LIOSTAIGH - Comhordaitheoir 

Geallann Comhordaitheoirí an Chúnaint tacú le sínitheoirí laistigh dá raon feidhme geografach ar go leor bealaí éagsúla lena n-áirítear cur chun cinn Chúnant na Méaraí, tacaíocht theicniúil agus/nó airgeadais chun Pleananna Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inbhuanaithe agus um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhorbairt agus a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí líonraithe a bhaineann le sínitheoirí an Chúnaint. Féach tuilleadh sonraí anseo.

Cé atá incháilithe 

Déanfar údaráis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha agus fho-réigiúnacha a thugann gealltanas oifigiúil do threoir straitéiseach, tacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar do shínitheoirí an Chúnaint a aithint go hoifigiúil mar Chomhordaitheoir den Chúnant.

Gheofar tuilleadh eolais anseo.

Gheofar tuilleadh soiléirithe ach teagmháil a dhéánamh le Deasc Chabhrach Chomhordaitheoirí an Chúnaint at coordinators@eumayors.eu

Conas liostú: 

Chun clárú mar Chomhordaitheoir oifigiúíl den Chúnant, ba cheart do d'eagraíocht déanamh mar seo a leanas:

Céím 1 

Tar éis d’incháilitheacht a sheiceáil, cláraigh tríd an bhfoirm ar líne ar leith.

Céím 2

Tar éis do Dheasc Chabhrach an Chunáint – An Eoraip d’incháílitheacht a dheimhniú, gheobhaidh tú ár Ráiteas Gealltanais. Gheobhaidh tú dréacht de anseo. 

Céím 3

Cuir an ráiteas gealltanais i láthair do chomhairle, dá gceadú agus dá síniú. Tar éis é a shíniú, seol ar ais chuig coordinators@eumayors.eu é. Tar éis an ráiteas a fháil, foilseidh Deasc Chabhrach an Chúnaint –An Eoraip próifíl d’eagraíochta agus beidh tú i do bhall oifigiúil de Phobal an Chúnaint.

Cláraigh mar chomhordaitheoir