Skip to main content
Covenant of Mayors - Europe

Liostaigh mar Shínitheoir

Fáiltíonn Cúnant na Méaraí roimh gach leibhéal rialachais, chomh maith le heagraíochtaí tacaíochta, gníomhaireachtaí agus comhlachais ábhartha, chun liostú sa tionscnamh agus cuidiú le gníomhaíocht áitiúil aeráide agus fuinnimh a bhrostú.

LIOSTAIGH - Mar Shínitheoir 

Tá príomhról ag rialtais áitiúla i maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú dó. Tacaíonn rannpháirtíocht i gCúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh na hEorpa leo san iarracht seo, trí aitheantas, acmhainní agus deiseanna líonraithe a sholáthar dóibh atá riachtanach chun a dtiomantais fuinnimh agus aeráide a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile.  

   

Cé atá incháilithe  

Tá Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh ar oscailt do gach údarás áitiúil atá comhdhéanta go daonlathach le/ag ionadaithe tofa, is cuma cén méid atá iontu nó cén chéim ag a bhfuil siad ó thaobh a mbeartais fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme.  

Féadann údaráis áitiúla bheaga agus mheánmhéide sa chomharsanacht cinneadh a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe, liostú mar ghrúpa sínitheoirí agus Comhphlean um Fhuinneamh Inbhuanaithe agus um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur isteach, ina n-aonar (rogha 1) nó i dteannta a chéile (rogha 2) Gheofar tuilledh eolais anseo.  

 

Conas liostú

Chun liostú sa ghluaiseacht seo atá ag fás i gcónaí, ní mór d’údaráis áitiúla:  

Céím 1  

Tionscnamh Chúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh a chur i láthair do chomhairle áitiúil / bhardasaí. Chun plé na comhairle a éascú, is féidir leat an doiciméad Gealltanais a íoslódáil anseo.  

Céím 2   

Tar éis don chomhairle rún oifigiúil a ghlacadh, sainordaigh don mhéara - nó dá ionadaí comhionannann sa chomhairle - doiciméad Gealltanais an Chúnaint a shíniú.  

Céím 3

Tar éis é a shíniú, líon isteach do shonraí ar líne agus uaslódáil an doiciméad Gealltanais cuísínithe. Tabhair aird ar na chéad chéimeanna eile, atá leagtha amach san  Innéacs le doiciméad an Ghealltanais agus sna CCanna.