Skip to main content
Covenant of Mayors - Europe

Bochtaineacht fuinnimh

Bochtaineacht fuinnimh a leigheas  

Déanann gealltanais na sínitheoirí Eorpacha an fhís a shainiú go mbeimid go léir, faoi 2050, inár gcónaí i gcathracha dícharbónaithe agus athléimneacha a mbeidh rochtain acu ar fhuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe. Mar chuid de ghluaiseacht Chúnant na Méaraí  – An Eoraip, geallann na sínitheoirí dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh mar phríomhbheart amháin chun aistriú cóir a chinntiú.
Tá an bhochtaineacht fuinnimh ar cheann de thír cholún Chúnant na Méaraí – an Eoraip, le hais maolú agus oiriúnú. Mar sin, is cuid bhunúsach d’iarrachtaí pleanála agus monatóireachta shínitheoirí an Chúnaint í an bhochtaineacht fuinnimh. I mBealtaine 2022 a seoladh roinn bochtaineachta fuinnimh chreat tuairiscithe agus monatóireachta an Chúnaint (féach  seimineár gréasáin agus cur i láthair) gaolmhar. Tugann na treoirlínte tuairiscithe ar bhochtaineacht fuinnimh treoir céim ar chéim ar an tslí le bochtaineacht fuinnimh a thuairisciú ar MyCovenant.

Tacaíocht maidir le bochtaineacht fuinnimh

Is é an Mol Comhairleach um Bochtaineacht Fuinnimh (EPAH) an príomhthionscnamh AE chun deireadh a chur le bochtaineacht fuinnimh agus chun aistriú cóir fuinnimh i measc rialtais áitiúla Eorpacha a luasghéarú.
Is é a mhisean bheith mar lárfhoinse saineolais faoin mbochtaineacht fuinnimh san Eoraip do rialtais áitiúla agus do pháirtithe leasmhara ar spéis leo gníomhú chun an bhochtaineacht fuinnimh san Eoraip a chomhrac. Chuige sin, tairgeann EPAH ardán lárnach  de shaineolas faoin mbochtaineacht fuinnimh san Eoraip do rialtais áitiúla agus do pháirtithe leasmhara ar spéis leo gníomhú chun an bhochtaineacht fuinnimh san Eoraip a chomhrac. 
Trí EPAH, is féidir le rialtais áitiúla:

SPREAGADH A FHÁIL AGUS FOGHLAIM FAOI GHNÍOMHAÍOCHTAÍ ÁITIÚLA
 

EPAH Atlas  

Is éard atá in ATLAS EPAH  bunachar sonraí idirghníomhach ar líne chun eolas a chur ar thionscadail agus ar bhearta áitiúla a dhíríonn ar bhochtaineacht fuinnimh ar fud an domhain. Is féidir leat do thionscadal féin a chur isteach, leis. 

epah cases

Inspiring cases from across Europe - Cásanna spreagúla ó gach cearn den Eoraip – ar fáil in 24 teanga, ina dtaispeántar sraith de 24 chás inspioráideacha ina ndéantar an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú ag an leibhéal áitiúil.
technical assistanceThe awarded applicants of the: call for technical assistance Taispeánann na hiarratasóirí a n-éiríonn leo sa ghlao ar chúnamh teicniúil na nithe a bhfuil bardais ag obair orthu faoi láthair.

 

FAIGH TACAÍOCHT CHUN DO CHUR CHUIGE FÉIN A THÚSÚ

  epah handbook

EPAH Handbook: A Guide to Understanding and Addressing Energy Poverty Lámhleabhar EPAH: Treoir i leith Bochtaineacht Fuinnimh a Thuiscint agus a Leigheas ina leagtar amach na cineálacha éagsúla cur chuige is féidir a úsáid chun pictiúr ginearálta den bhochtaineacht fuinnimh a fháil, chomh maith le tús eolais ar an mhodheolaíocht chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh. 

epah handbook 2

EPAH Handbook 1: A Guide to Energy Poverty Diagnosis Lámhleabhar EPAH 1: Treoir i leith Bochtaineacht Fuinnimh a Bhreithmheas ina ndírítear ar na seacht gcéim nithiúla i gcéim an bhreithmheasa, le mionchur síos ar gach céim. Cabhraíonn an lámhleabhar le bardais na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt: An bhfuil bochtaineacht fuinnimh sa bhardas? Cá háit is mó atá sí? Cé chomh dian agus atá sí? Cé is mó atá thíos leis? Cad iad na cúiseanna is mó atá léi? Cén tuairim den fhadhb seo atá ag na gníomhairí atá ag plé léi?
epah online coursesEPAH Online courses: Cúrsaí ar líne atá saor in aisce agus ar oscailt do dhuine ar bith ar spéis léi/leis scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú chun a gcur chuige féin a cheapadh i leith na bochtaineachta fuinnimh a chomhrac. 
technical assistanceEPAH open calls for technical assistance Glaonna oscailte do chúnamh teicniúil atá ar oscailt do gach rialtas áitiúil ar spéis leis gníomhaíochtaí a dhearadh chun dul i ngleic leis na mbochtaineacht fuinnimh. Is deis den scoth é chun tacaíocht shaincheaptha a fháil. 
EPAH HelpdeskTá Deasc Chabhrach EPAH ar fáil chun cabhrú le húdaráis áitiúla lena gceisteanna bochtaineachta fuinnimh ag info@energypoverty.eu.

 

FOGHLAIM FAOI BHOCHTAINEACHT FUINNIMH AGUS MAOLÚ

EPAH DashboardIs ionstraimí tábhachtacha iad táscairí chun bochtaineacht fuinnimh a thomhas. Gheofar ar phainéal na dtáscairí náisiúnta, sa tuarascáil léargais iomlán agus sa chur síos gearr ar gach táscaire an samhlú iomlán is praiticiúla agus is iomlánaí de ghnéithe éagsúla inchainníochtúla de leibhéil bochtaineachta fuinnimh ar fud na hEorpa, bunaithe ar na staitisticí AE is déanaí.
technical assistanceEPAH open calls for technical assistance Tá glaonna oscailte EPAH ar chúnamh teicniúil oscailte do gach rialtas áitiúil ar spéis leo gníomhaíochtaí a dhearadh chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh. Is deis iontach é tacaíocht atá saincheaptha do do riachtanais a fháil. Seolfar an dara glao i mí an Mhárta 2023. Cén fáth nach ndéanfaidh tú iarratas?
EPAH EPCaith súil ar na foilseacháin uile ar bhochtaineacht fuinnimh. 

 

TÉIGH ISTEACH SA LÍONRA AGUS MALARTAIGH LE PÁIRTITHE LEASMHARA ATÁ DEN TUAIRIM CHÉANNA

epah calendarCaith súil ar fhéilire EPAH go bhfeice tú imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá romhainn chun teagmháil a dhéanamh le líonra idirnáisiúnta agus áitiúil de pháirtithe leasmhara atá ag obair ar bhochtaineacht fuinnimh.
epah lunch talkFreastail ar cheann de chainteanna lóin EPAH chun na dúshláin dhifriúla a bhaineann le dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh a phlé le piaraí.

 

FOGHLAIM Ó SÍNITHEOIRÍ EILE AN CHÚNAINN

Cás-staidéir