Seirbhís Chomhairleach i gcomhair Ionstraimí Airgeadais (Fi-Compass)
Is é Fi-Compass an príomhsholáthraí seirbhísí comhairleacha de chuid an AE i réimse na nIonstraimí Airgeadais a bhaineann le Cistí ESI agus soláthraithe micreamhaoinithe faoin gClár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI).
Cuirtear seirbhísí comhairleacha FI Compass ar fáil chun cabhrú le húdaráis bhainistíochta, soláthraithe micreamhaoinithe EaSi agus geallsealbhóirí tríú páirtí eile ar nós idirghabhálaithe airgeadais.